• Tá sé oiriúnach do gach leibhéal meánscoile ón gcéad bhliain go dtí an séú bliain.
• Leabhar gramadaí den scoth atá ann a chlúdaíonn gach gné den chúrsa gramadaí.
• Tá mínithe agus cleachtaí gramadaí ann ag an leibhéal cuí.
• Tá COGAR NUA leagtha amach go soiléir, simplí ar bhealach a chabhróidh le daltaí tabhairt faoin ngramadach a fhoghlaim gan dua.
• Tugann COGAR NUA léiriú cuimsitheach ar na míreanna gramadaí go léir a theastaíonn chun cruinneas scríbhneoireachta agus cruinnúsáid na teanga a bhaint amach.
• Cuidíonn na cleachtaí scríofa mar aon leis na habairtí samplacha agus na nathanna cainte a ghabhann le gach aon mhír sa leabhar go mór le daltaí barr feabhais a bhaint amach i scríobh na Gaeilge.
• Tugtar léiriú cuimsitheach sa leabhar ar na gnéithe seo a leanas den ghramadach: na Briathra Rialta agus Neamhrialta; na Díochlaontaí; an Tuiseal Ginideach; an Modh Coinníollach; an Réamhfhocal Simplí; an Forainm Réamhfhoclach; an Aidiacht agus an Aidiacht Shealbhach; na hUimhreacha; Céimeanna Comparáide na hAidiachta; an tAinm Briathartha; an Aidiacht Bhriathartha.